Skip survey header
Mód lagamhairc Gaeilge

UNESCO: Intleacht Shaorga san Oideachas – Éire

Réamhtheachtaireacht

Sa suirbhé seo, tagraíonn "IS san Oideachas" d'fheidhmiú teicneolaíochtaí intleachta saorga (IS) chun cur le heispéiris teagaisc, foghlama agus forbartha gairmiúla múinteoirí. Áirítear leis seo ardáin foghlama phearsantaithe, uirlisí measúnaithe, córais teagaisc, agus uirlisí anailíse sonraí a thacaíonn le hoideachasóirí chun riachtanais na scoláirí a thuiscint. Is é is aidhm le comhtháthú IS san oideachas ná torthaí oideachais a fheabhsú agus rannpháirtíocht a chothú (UNESCO). Is réimse é atá i mbéal forbartha an IS san oideachas a chuireann buntáistí féideartha ar fáil ach a mbaineann roinnt rioscaí leis freisin (lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le héifeachtacht, eitic, cosaint sonraí, agus úsáid chuí i gcomhthéacs scoileanna).

Cuimsíonn "IS san Oideachas" réimse leathan uirlisí atá in ann téacs, íomhánna, nó ábhar eile a ghiniúint, ceisteanna a fhreagairt, nó tacú le tascanna bunaithe ar phatrúin i gcainníochtaí móra sonraí. Áirítear leis seo uirlisí mar ChatGPT, Copilot, Gemini, nó gnéithe IS atá ionsuite in ardáin a d'fhéadfadh a bheith in úsáid agat cheana féin. Ní thagraíonn sé d'uirlisí digiteacha ginearálta ar nós innill chuardaigh, ríomhphost, nó bogearraí láithreoireachta mura bhfuil feidhmiúlacht IS ionsuite acu. 

I measc na samplaí ar úsáid IS san oideachas (ach gan a bheith teoranta dóibh seo amháin), tá: ChatGPT a úsáid ar mhaithe le cumarsáid le tuismitheoirí agus múinteoirí a dhréachtú, uirlisí atá cumhachtaithe ag IS a úsáid mar theca le riarachán agus tuairisceoireacht i gcás na foirne, nó ardáin IS a úsáid chun dul chun cinn na scoláirí a rianú ag leibhéal na scoile uile.

Tógfaidh sé thart ar 20 nóiméad chun an suirbhé seo a chomhlánú. Dúnfaidh an suirbhé ar an 22 Bealtaine 2026.
Chun an suirbhé seo a chomhlánú i nGaeilge, cliceáil ar ' Béarla' sa chúinne uachtarach ar dheis de do scáileán, agus ansin roghnaigh 'Gaeilge'.